Tar éis 22 seachtain dochreidte aige i bpictiúrlanna ar fud na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe, tá breis is €1 milliún saothraithe ag an scannán An Cailín Ciúin ag oifig na dticéad anois, éacht den scoth i gcás scannán neamhspleách.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Ó eisíodh an scannán mí Bealtaine seo caite, d'éirigh go hiontach leis ag féilte idirnáisiúnta scannán, tá slám gradam buaite aige agus tá an-chion ag na léirmheastóirí air, le léirmheasanna 5 réalta faighte aige uathu ar fad. Is é An Cailín Ciúin iontráil na hÉireann do na Oscars sa chatagóir Príomhscannán Idirnáisiúnta is Fearr ag 95ú Gradaim bliantúla an Acadaimh a bheidh ar siúl go luath.

Is ar Foster, scéal a bhfuil ardmheas air leis an údar Éireannach Claire Keegan atá An Cailín Ciúin bunaithe. Is dráma cáiréiseach ón gcroí é maidir le teacht in aois, ina bhfiosraítear go mion a bhfuil i gceist le teaghlach, trí shúile cailín óig a bhfuil neamart déanta inti. Tá an scéal suite faoin tuath in Éirinn sa bhliain 1981, agus leanann sé Cáit (Catherine Clinch) tráth a seoltar í óna teach plódaithe mífheidhmiúil chuig gaolta i bhfad amach, chun cónaí leo don samhradh. Cuireann Eibhlín (Carrie Crowley) fáilte mhór chroíúil roimpi, ach coinníonn a fear céile (Andrew Bennett) fad a sciatháin uaidh í.

Diaidh ar ndiaidh, áfach, cothaítear dáimh sa teaghlach ionaid seo agus tosaíonn Cáit ag teacht i mbláth faoina gcúram. Ach sa teach seo atá in ainm is a bheith ina tearmann gan rúin, tugann sí an fhírinne shearbh chun solais.

Is í Cleona Ní Chrualaoi in Inscéal a léirigh AN CAILÍN CIÚIN faoi scéim mhaoinithe Cine4 do scannán Gaeilge, i gcomhpháirtíocht le TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI). Fuair an scannán dreasacht chánach Alt 481 ó Rialtas na hÉireann freisin.