Tuesday, 11 October at 7pm on RTÉ ONE

The 1980s was a dark decade for English football. Hooliganism was a huge problem at football matches at home and abroad, while safety at stadiums was also a huge issue. On May 11, 1985, 56 fans lost their lives after a fire broke out in a wooden stand at Bradford City's Valley Parade.

On the same day, a 14-year-old boy was killed following violence at a game between Birmingham and Leeds. 3 weeks later, 39 Juventus fans were killed as they were being attacked by Liverpool fans in the Heysel Stadium disaster. But the worst was yet to come. April 15, 1989 would go down as the darkest day in the history of English sport – an FA Cup semi-final between Liverpool and Nottingham Forest where 97 Liverpool fans lost their lives.

Chuimhneofaí ar an 15 Aibreán 1989 mar an lá ba ghruama ar fad i stair spórt Shasana - an lá ar imir Learpholl agus Nottingham Forest i gcluiche leathcheannais an FA Cup, lá ar bhásaigh 97 duine de lucht leanúna Learphoill. Sna laethanta ina dhiaidh sin, mhaígh na húdaráis gur "fórsáil" leantóirí Learphoill geata, agus treisíodh an maíomh ag cruinnithe faisnéise leis na meáin. Scaipeadh an bhréag ar fud an domhain, i bhfeasacháin nuachta ar teilifís agus ar raidió. Lean nuachtáin leis an scéal, agus chuir siad an milleán ar leantóirí "ólta gan ticéad".

D’oir sé don insint gurb ar leantóirí Learphoill, arbh iad ba chúis le tubaiste Heysel, a raibh an locht as an tragóid in Hillsborough freisin. Ba é tátal an fhiosrúcháin bhreithiúnaigh a rinne an Tiarna Breithimh Taylor ná gur "tuaiplis den chineál is measa" a bhí sa teip an tollán a dhúnadh agus mhol sé freisin an t-aistriú go staideanna lánsuí. Mar sin féin, bás de thimpiste an bhreith a tugadh de thoradh an choiste cróinéara, lena maíodh go raibh na híospartaigh ar fad marbh faoin 3.15pm, 9 nóiméad tar éis deireadh a bheith curtha leis an gcluiche, maíomh a shéan muintir na ndaoine a fuair bás go láidir.

"The longer it went on the more worrying it got, we heard fans in the corridor screaming and shouting, they were saying people are dying out there." John Aldridge

Níor tugadh duine ar bith chun cuntais. Ba ag an bpointe sin a thosaigh feachtas 20 bliain a raibh teaghlaigh na 97 íospartach i mbun stiúrtha air, iad ag troid gan stad gan staonadh chun ceartas a bhaint amach dá ndaoine muinteartha. Bhí frustrachas ar bhaill Ghrúpa Tacaíochta Teaghlaigh Hillsborough mar gheall ar an easpa cuntasacht oifigiúil agus ar deireadh thiar, thug siad cás príobháideach i gcoinne cheannasaí an chluiche, David Duckenfield, agus a leascheannasaí, an ceannfort Bernard Murray, ag cur dúnorgain ina leith.

Rachaidh Garry Mac Donncha go Learpholl chun casadh le John Aldridge, duine den cheathrar Éireannach a bhí ag imirt ar fhoireann Learphoill an lá sin, a raibh sé deacair aige labhairt faoin eachtra ar feadh na mblianta ina diaidh. Labhróidh sé le George Hamilton chomh maith, a bhí ag tráchtaireacht ar an gcluiche do RTÉ de réir mar a thit an t-uafás amach agus buailfidh sé le Peter Breen, duine de lucht tacaíochta Learphoill as Baile Átha Cliath a bhí 9 mbliana d’aois nuair a thug a dhaid leis é chuig an gcluiche in Hillsborough. Rachaidh Garry go Doire chun casadh le Tony Doherty, duine de dhaoine muinteartha íospartaigh Dhomhnach na Fola, ar maraíodh a athair Paddy ar Dhomhnach na Fola.

DÉ MÁIRT an 11 Deireadh Fómhair, RTÉ 1 @ 7.00