Labhair iriseoirí Ciarán Dunbar, Máirtín Ó Muilleoir agus an tráchtaire Máirín Hurndall ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar an athrú atá tagtha ar dhaonáireamh sna sé chontae.

Don chéad uair i stair an stáit, fógraíodh sa daonáireamh go bhfuil níos mó Caitlicigh na Protastúnaigh sna sé chondae. Ach cén difear a dhéanann sin don dlinse?

Ag caint ar an méid a dúradh faoi fhéiniúlacht na ndaoine, dúirt Hurndall gur eolas 'suntasach agus suimiúil' é. Thug Hurnall faoi deara gur titim i líon na bProtastúnach seachas fás na ndaoine a dúirt gur Caitlicigh iad.

Luaigh Ó Muilleoir gur léiriú eile é an t-eolas seo go bhfuil sé in am don Rúnaí Stáit reifreann a ghlaoch sna sé chontae maidir le hathaontú na tíre seo.

Anuas ar an eolas a fuarthas faoi fhéiniúlacht na ndaoine, bhí eolas spéisiúil faoi stádas na dteangacha ó thuaidh, áit a raibh méadú ar an líon daoine a dúirt go raibh eolas éigin acu ar an nGaeilge.

Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6