RTÉ One, 7pm on Tuesday, Scannal investigates the controversy around the story of Thalidomide, the drug prescribed to pregnant women in Ireland in the late 1950s in Ireland.

Díoladh Tailidimíd, an druga chun tinneas maidine a leigheas, den chéad uair in Éirinn sa bhliain 1959. Ach de réir mar a bhí éileamh ar an druga ag méadú, tháinig méadú freisin ar an líon páistí a tháinig ar an saol agus iad faoi mhíchumas ollmhór, agus bhí sé blianta fada ina dhiaidh go dtí gur baineadh de na seilfeanna ar deireadh é in Éirinn.

Déanfar cur síos sa dara clár sa tsraith nua de Scannal ar an scéal a bhain leis an scannal tailidimíde - a mheasann go leor é a bheith ar an scannal leighis is measa riamh ar domhan - agus mar a tháinig an scannal chun solais in Éirinn.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Meastar go raibh tionchar ag tailidimíd ar bhreis is 100,000 bean a bhí ag iompar clainne ar fud an domhain sular baineadh an druga den mhargadh idirnáisiúnta sa deireadh thiar thall i mí na Samhna 1961. Mar sin féin, bheadh sé 7 mí eile sula ngníomhódh údaráis na hÉireann agus an druga fós ar fáil thar an gcuntar bliain ina dhiaidh sin.

D'fhéadfadh an táibléad beag bídeach sin an oiread damáiste a dhéanamh" a deir Mary Clarken. I mBaile Átha Cliath, ghlac máthair Finola Cassidy í féin Tailidimíd agus gan aon ní ar eolas aici faoi na hiarmhairtí tromchúiseacha a bheadh i gceist.

‘B’fhéidir gur thóg mo mháthair dhá tháibléad, ar an 22ú lá den toircheas seans, agus b’in é an uair a bhí mo chuid lámh ag forbairt. Bhain sé geit ollmhór aisti. Baisteadh mé sa bharda breithe. Cheap siad nach mairfinn."

Bhí tailidimíd ar cheann de na drugaí ba mhó díolta ar domhan ag an am. Bhí aon mhilliún dáileog den druga á dhíol sa Ghearmáin in aghaidh an lae agus sa bhliain 1961 díoladh breis is 51,000 paicéad Softenon in Éirinn. Ach i ngan fhios do na mílte ban a bhí ag iompar clainne agus a bhí ag tógáil tailidimíde, bhí líon na bpáistí a bhí ag teacht ar an saol le míchumaí ag ardú mar aon le huimhreacha na ndíolachán.

Thug údaráis na hÉireann ceadúnas don tailidimíd i 1959 ach ní hionann leis an lá atá inniu ann, ní raibh aon chóras tástála drugaí sa tír seo. Níor thug an Reachtas Bia agus Drugaí i Meiriceá áfach cead chun tailidimíd a dhíol thall mar nach raibh siad sásta leis an tástáil a bhí déanta ag an déantóir sa Ghearmáin Grünanthal. Cé go raibh margaíocht á déanamh ar thailidimíd go raibh sé sábháilte ag mná a bhí ag iompar clainne an druga a thógáil, bhí an druga go deimhin ag dul isteach sa phlacaint agus bhí tionchar uafásach aige sin ar pháistí sa bhroinn.

Finola Cassidy agus a máthair

Le linn na mblianta idir 1959 agus 1961, bhí dochtúirí ar fud an domhain ag feiceáil go raibh líon na bpáistí a bhí ag teacht ar an saol le míchumaí troma ag méadú. Meastar go raibh tionchar ag tailidimíd ar bhreis is 100,000 bean a bhí ag iompar clainne ar fud an domhain. Chaill 90% díobh a bpáiste agus mar sin tháinig 10,000 páiste a raibh tionchar ag tailidimíd orthu ar an saol agus iad beo. Bhásaigh leath de na páistí sin taobh istigh de bhliain agus mar sin níor mhair ach tuairim is 5,000 páiste a raibh tionchar ag tailidimíd orthu. Cé go raibh an méid fianaise a bhí ann i leith tailidimíde ag ardú, níor ghníomhaigh déantóir an druga go dtí deireadh na bliana 1961.

Faoin tráth sin, bhí an oiread sin imní ar bheirt dochtúirí - Dr Lenz sa Ghearmáin agus Dr McBride san Astráil - faoin méid a bhí feicthe acu faoin druga gur shocraigh siad an t-ábhar imní a bhí acu a chur os comhair an phobail. I mí na Samhna 1961, bhain Grünenthal Tailidimíd den mhargadh idirnáisiúnta ar deireadh. Cé gur thosaigh go leor tíortha ag baint gach earra tailidimíde den mhargadh go tapa agus ag cur fainic ar an bpobal faoi na contúirtí a bhain leis an druga, bhí sé seacht mí eile ina dhiaidh sin sular ghníomhaigh údaráis na hÉireann.

Chuir dáileoir na hÉireann ciorclán cineálach amach ag tarraingt na dtáirgí den mhargadh i mí na Nollag 1961, ach níor cuireadh fainic ar bith ar an bpobal ná ní raibh aon tuairiscí sna meáin faoi fhoiarmhairtí diana an druga go dtí mí Iúil 1962. Taispeántar i gcáipéis eolais de chuid an rialtais gur smaoinigh na húdaráis faoi fhógra poiblí a dhéanamh ach gur mheas siad é sin a bheith ina ghníomhú neamh-inmhianaithe. Dá bharr sin bhí earraí tailidimíde fós le fáil in Éirinn breis is bliain i ndiaidh don druga a bheith tarraingthe siar go hoifigiúil.

Ní raibh a fhios ag tuismitheoirí ar feadh na mblianta gurbh í Tailidimíd ba chionsiocair lena gcuid leanaí a bheith faoi mhíchumas. Bhí sonraí bailithe faoi rún áfach ag an Roinn Sláinte sa bhliain 1963 ar na leanaí seo go léir, ach níor foilsíodh ná níor tugadh an tuarascáil seo do na tuismitheoirí. Go luath sna seachtóidí, bhí na mílte leanaí ag fás aníos ar fud an domhain agus iad faoi mhíchumas dhiana mar gheall ar thailidimíd, agus de réir mar a tháinig chomh tromchúiseach is a bhí an scannal chun cinn, bhí a gcuid scéalta sna cinnlínte ar fud an domhain.

D’aontaigh déantóir an druga, Grünenthal, agus stát na Gearmáine sa deireadh thiar thall cúiteamh a íoc agus fondúireacht speisialta a bhunú. Fuair roinnt de na daoine Éireannacha a raibh tionchar ag Tailidimíd orthu agus a mhair roinnt cúitimh ó fhondúireacht na Gearmáine agus ó Rialtas na hÉireann ar deireadh sa bhliain 1975. Mar sin féin, rinne na daoine a mhair cás nach raibh dóthain ar chor ar bith sa chúiteamh chun na costais leighis a bhí orthu a chlúdach ná i dtaobh na leasuithe riachtanacha arbh éigean dóibh a dhéanamh ar feadh a saoil.

In 2009, thairg Stát na hÉireann €62,500 an duine do na daoine Éireannacha a raibh tionchar ag tailidimíd orthu agus a mhair, ach d’eitigh an chuid is mó díobh an t-airgead sin agus chuir an dlí ar Stát na hÉireann. Dúirt an tAire Sláinte sa bhliain 2013 gurbh í an chomhairle a bhí faighte ag an Rialtas ná nach é Stát na hÉireann a bhí freagrach de réir an dlí as na míchumaí a bhí orthu de bharr tailidimíde.

Níl aon ardú déanta ag Stát na hÉireann go dtí seo ar an gcúiteamh ná ar an bpacáiste tacaíochta a thairgeann siad, agus, ní mar ab ionann le húdaráis na Gearmáine agus na Breataine, níor ghabh siad aon leithscéal riamh leis na daoine a tháinig slán ó thailidimíd. Deir Finola Cassidy ó Chumann Tailidimíde na hÉireann: ‘Braithimid go mór go bhfuil muid ligthe síos ag an Stát roinnt mhaith uaireanta. Tá súil agam go gcuirfear ceart é le linn mo shaoilse. Ní bhím cinnte go minic go gcuirfear. Lig siad síos muid, lig siad síos muid nuair a bhí muid inár leanaí agus tá siad fós dár ligean síos agus muid inár ndaoine fásta.

Scannal: Thalidomide, Dé Máirt, 7pm, RTÉ One