Beidh imeachtaí go leor ag tarlú fud fad na tíre oíche Dé hAoine an 23 Meán Fómhair le hOíche Chultúir a cheiliúradh. Labhair beirt as Dún na nGall a bhéas páirteach in imeachtaí ina gceantair féin ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Labhair Brídanna Ní Bhaoill ar an oíche Airnéal le Seanchas Sheáin Néill in Áislinn Rann na Feirste, ceantar a bhfuil clú agus cáil air maidir le scéalaíocht agus ceol. I measc na n-aíonna a bheidh le cloisteáil, tá Seán Mac Corraidh agus iarbhuaiteoir Chorn Uí Riada, Máire Ní Choilm.

In dTeileann, mhínigh Deirbhile Ni Churraighin go mbeidh oíche cheol traidisiúnta, fidléireachta, portaíocht béil agus scéalaíocht, áit a mbeidh siad ag déanamh ceilúradh oidhreacht an cheantair.

We need your consent to load this YouTube contentWe use YouTube to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Is iad Étáin agus Máire Ní Churraoin, nó An Chéad Ghlúin Eile, mar is fearr aithne orthu, ó Ráth Chairn, atá ceaptha mar ambasadóirí don Ghaeltacht d'Oíche Chultúir i mbliana. Tá oíche mhór cheoil 'Bláth na hÓige' eagraithe acu le roinnt aoíanna speisialta i nGaeltacht Ghlas na Mí, Seámus agus Caoimhe Uí Fhlatharta ina measc.

Beidh Cuisle agus aos óg na Gaeltachta i gcroílár an cheiliúradh arís i mbliana. Tá Cuisle ag tacú le 18 imeacht, Ceolchoirm Ghlór na nOileán ina measc, Ealaín Beo na Rosann agus Dreoilíní Daingean Uí Chúis.

Beidh réimse leathan ealaíona le brath sa chlár chuimsitheach a thacaíonn Ealaín na Gaeltachta leis idir cheol, damhsa, scannánaíocht agus litríocht a cheiliúreadh sna 40 imeacht ar fud na Gaeltachta ó Cheann Fhanada go Oileán Chléire agus ó Rath Carn go Inis Oírr.

Agus iad ag ceiliúradh 70 bliain i mbliana beidh togra ag an gComhairle Ealaíona Read Mór ina mbeidh 4,500 leabhair tugtha go paisinéirí ar Bus Éireann agus Iarnród Éireann ar an oíche. Beidh scríbhneoirí agus foilsitheoirí Gaeilge agus Gaeltachta ina measc ; Tadhg Mac Donnagáin , Doireann Ní Ghríofa agus Sadhbh Devlin.

Mar chuid don chamchuairt ar fud na Gaeltachta beidh a taispeántas físealaíne Dath an Dóchais á sheoladh in Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loinsigh, Múscraí ar an oíche. Déanann an taispeántas ceiliúradh ar 40 bliain d’fhísealaíontóirí sa Ghaeltacht agus beidh sé i measc clár iomlán imeachtaí san Ionad ar an Oíche..

Beidh imeachtaí eile Gaeilge ag tarlú ar Oíche Chultúir lasmuigh den Ghaeltacht le tacaíocht ó Oireachtas na Gaeilge agus ó na Comhairle Contae áitiúla.

Tá na himeachtaí ar fad le feiceáil ar www.culturenight.ie