Tosóidh an tsraith nua de Slí na mBeaglaoich Dé Domhnaigh ag 9.30pm, ar an 25 Meán Fómhair ar TG4.

Sa tsraith úrnua seo de Slí na mBeaglaoich, rachaidh Breanndán Ó Beaglaoich agus a mhac Cormac ar thuras draíochtúil mórthimpeall na tíre sa veain champála, Beauty.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


An t-am seo, beidh a n-aistear álainn ag tosú i gCorcaigh agus rachaidh siad an tslí ar fad go Cill Mhantáin, agus iad i gcroílár ghréasán ceolmhar agus cultúir Dheisceart agus Oirdheisceart na hÉireann.

Slí na mBeaglaoích

An t-am seo, tabharfaidh siad faoin mbóthar i gceithre cinn de na contaetha cois cósta is deise sa tír agus iad sa tóir ar scéalta, ceol, amhráin agus ar ndóigh, ag bualadh le sár-charachtair ar an mbealach.

Ag bualadh fúthu óna mbaile i gCiarraí, rachaidh siad chomh fada le hIarthar Chorcaí i gclár a haon, rachaidh siad an tslí ar fad chomh fada le hOirthear Chorcaí i gclár a dó, ar aghaidh go dtí Port Láirge i gclár a trí agus ag cur críoch lena n-aistear i Loch Garman agus Cill Mhantáin do chlár a ceathair. Ar a dturas, feicfidh siad cuid de na láithreacha is suimiúla, is áille agus is stairiúla ar bhealach an chósta, dhá cheantar Gaeltachta ina measc.

Craolfar Slí na mBeaglaoich ar oícheanta Domhnaigh ag 9.30pm, ag tosú ar an 25 Meán Fómhair 2022.