Labhair Ciarán Mac Giolla Bhéin, Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar an dá Ghaelcholáiste atá le bunú ó thuaidh.

D'fhógair Údarás Oideachais Thuaisceart Éireann go bhfuil dhá Ghaelcholáiste nua le bunú acu, rud a dhéanfadh dúbailt ar líon na nGaelcholáistí sna sé chondae. Faoi láthair, tá an dá Ghaelcholáiste sin i gcathair Bhéal Feirste agus i nDún Geimhin, i nDoire Cholmcille.

Dúirt Mac Giolla Bhéin go raibh soiléiriú i gceist leis an bhfógra a rinneadh agus é ag rá nach bhfuil anseo ach moltaí ach go bhfuil borradh dochreidte tagtha ar an éileamh ar Ghaelcholáiste ó thuaidh.

Deir Mac Giolla Bhéin go bhfuil acmhainní de dhíth ar iarbhunscoileanna agus go dteastódh brú ar na húdaráis le cinntiú go mbeadh na acmhainní sin ann. Is gá don rialtas anois beart a dhéanamh de réir briathair agus na Gaelcholáistí seo a bhunú le acmhainní cuí dóibh siúd ar mhaith leo a gcuid oideachais dara leibhéal a dhéanamh trí Ghaeilge.

Ag caint ar na ceantair ar cheart na Gaelcholáistí seo a bhunú, deir Ciarán go bhfuil mórcheantar Thír Eoghain, áit a bhfuil sé Ghaelscoil agus Fearmanach ann.