Labhair Eilín Ní Bheaglaoich le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar an tine a dhó a teach go talamh le déanaí.

An mhí seo caite, thosaigh tine i dteach Eilín a dhó a teach go talamh. Cé nár gortaíodh éinne sa taisme, caithfidh Eilín tosú arís le teach nua a thógáil. Labhair sí le Helen Ní Shé mar gheall ar chabhair na gcomharsan ón lá sin ar aghaidh agus an tacaíocht a fuair sí go nuige seo.

Bean mhisniúil í Eilín agus deir sí go bhfuil sí fíorbhuíoch go bhfuil sí slán agus go bhfuil leaba fós aici agus í ag fanacht i dteach eile.

Teach fíorshean a bhí sa teach a dódh agus dúirt Eilín go raibh cuimhní áille, ceolmhara aici ón teach. Deir Eilín gurb é an rud is measa a tharla ó shin ná an páipéarachas atá ag teastáil maidir leis an aráchas.

Tá teaghlach Eilín ag eagrú coirmcheoil sa Daingean le hairgead a bhailiú leis an teach a athógáil. Cé go bhfuil sé fíordheacair glacadh leis an rud a tharla di agus glacadh le flaithiúlach na ndaoine timpeall uirthi.

'faigheann tú amach an-chuid mar gheall ar an duine daonna'

Is féidir tacú le hEilín Ní Bheaglaoich anseo

Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00