Labhair Ann Ní Mhaonaigh ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina haistear le hailse agus faoin tacaíocht a fuair sí ón bpobal le teacht tríd.

Fuair Ann an drochscéal le gairid go raibh an ailse a bhí sí ag troid le roinnt blianta, ar ais, agus nach bhfuil mórán a thig déanamh dí sa tír seo, tá sé beartaithe aici, le tacaíocht ón phobal agus a teaghlach ghabhail go Meicsiceo le hiarracht a dhéanamh comhar leighis a fháil.

Dúirt Ann go bhfuair sí amach le linn na paindéime go raibh ailse uirthi agus chuaigh sí faoin scian le gach a raibh ann a bhaint amach agus tuilleadh lena chois, agus ansin, fuair sí seisiúin chemo ina dhiaidh mar árachas, ar eagla go raibh níos mó ailse in aon áit eile. Ó shin i leith, bhí na scans ar fad glan go dtí coicíos ó shin.

Dúirt Ann gur duine an-phraiticiúil a bhí inti agus gur ghlac sí comhairle na ndochtúirí nuair a fuair sí é. D'fhill Ann ar an obair teilifíse a bhíodh ar siúl aici roimh an ailse agus deir sí nár ardaigh sí a ceann go dtí b'fhéidir mí ó shin nuair a dúirt na dochtúirí léi go raibh siad ag iarraidh a fhiosrú.

Ar deireadh, dúradh Ann go raibh ailse anois sna cnámha agus sa bhfíochán beag sa pheilbheas agus go bhfuil an ailse anois doleigheasta. Tá Ann go fóill ag iarraidh an scéal seo a thógáil isteach, a deir sí. Cé go ndúradh le hAnn nach mbeadh aon leigheas i ndán di d'aimsigh sí cineálacha eile leighis in áiteanna eile an domhain.

Rinne Ann agus a hiníon cinneadh go dtabharfadh sí faoi bhealach eile le haghaidh a thabhairt ar an ailse ach bhí airgead ag teastáil le seo a dhéanamh.

Is féidir leat tacú leis an bhfeachtas deonú airgid anseo

Éist le Barrscéalta ón Luan go hAoine idir 11.08-12.00 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.