Tá féile nua sméara dubha, 'Féile na bPuiteachaí' ag teacht go hInis Meáin ar Satharn an 1ú Deireadh Fómhair a dhéanfaidh ceiliúradh ar an iliomad úsáid a bhaineann leis na torthaí le réimse leathan imeachtaí.

Is focal áitiúil é ‘puiteachaí’ ar Inis Meáin a úsáidtear in ionad ‘sméara dubha’.

Beidh go leor imeachtaí éagsúla ag tarlú i Halla Naomh Eoin i rith an lae; déanamh dúigh agus suibhe ina measc mar aon le ceardlann deochanna, comórtas filíochta agus bácála agus ceolchoirm san oíche.

"Táimid ríméadach ar fad an fhéile nua seo a thabhairt ar an saol a dhéanfaidh ceiliúradh ar a bhfuil ar leac an dorais againn anseo ar Inis Meáin; idir na puiteachaí iad féin agus na scileanna éagsúla atá ag muintir an oileáin", arsa stiúrthóir na féile, Aedín Ní Thiarnaigh.

Sméara Dubha Inis Meáin

"Ba mhaith linn aird a tharraingt ar a dtugann an tírdhreach speisialta seo dúinn, agus pobal an oileáin a thabhairt le chéile chun ár gcultúr áitiúil a cheiliúradh", ar sí.

Seolfar dhá chomórtas nua ar an oileán mar chuid den bhféile, atá i dtiúin le hábhar na hócáide; Comórtas Filíochta agus Comórtas Bácála.

Tá Comórtas Filíochta Fhéile na bPuiteachaí ag glaoch ar iontrálacha don dá chatagóir sa chomórtas; Comórtas na nÓg, atá dírithe ar pháistí bunscoile, agus Comórtas na nDaoine Fásta do chumadóirí níos sine. Iarrtar ar iomaitheoirí dán nó amhrán a scríobh ina luaitear ‘puiteachaí’, nó atá spreagtha ag sméara dubha Inis Meáin. Ní mór do na hiomaitheoirí a n-iontrálacha a sheoladh isteach roimh an 27ú Meán Fómhair chuig feilenabpuiteachai@outlook.com nó iad tríd an bpost go hIonad Pobail Inis Meáin. Bronnfar dearbhán €30 Cló Iar-Chonnachta ar bhuaiteoir Chomórtas na nÓg agus bronnfar duais €100 ar bhuaiteoir Chomórtas na nDaoine Fásta.

"Tá an-sceitimíní i measc an phobail anseo do na comórtais cheana féin, rud atá iontach, agus dar ndóigh tá fáilte is fiche roimh dhaoine ó cheantair eile cur isteach orthu freisin. Beimid ag súil le hiontrálacha ó na hoileáin eile agus ó Chonamara go háirid", arsa Gráinne Ní Chonaighle, Leas-stiúrthóir na Féile agus Riarthóir Tograí le Comhlacht Forbartha Inis Meáin.

Fáilteofar roimh iontrálacha chomh maith do Chomórtas Bácála Fhéile na bPuiteachaí ina gcuirtear sprioc roimh bhácálaithe a rogha milseog a chócaráil a bhfuil puiteachaí ag a chroílár. Is í an príomhbhácálaí ón Inis Meáin Restaurant and Suites, bialann ar a mbronnadh réalta glas Michelin, Meadhbh Ní Dhomhnaill, a dhéanfaidh moltóireacht ag an ócáid. Bronnfar €100 ar an gcéad áit, €50 ar an dara háit agus €30 ar an tríú áit.

Ó bhia go deochanna, táthar ag súil le héileamh mór ar cheardlann dheochanna Phádraig Ó Fátharta, ina scaoilfidh sé le cuid dá chleasa chun jin a dhéanamh le torthaí fómhair Inis Meáin. Tabharfaidh rannpháirtithe na ceardlainne a saothar abhaile leo ina dhiaidh.

Beidh an láithreoir teilifíse agus béaloideasaí, Aedín Ní Thiarnaigh, ag tabhairt siúlóid treoraithe ar an lá chomh maith, ina mbeidh deis ag rannpháirtithe a bpuiteachaí féin a bhailiú lena linn agus ina roinnfear seanchas faoi dhúlra an oileáin.

Aedín Ní Thiarnaigh

Is féidir na torthaí a bhailítear a úsáid ag na hócáidí teaghlaigh sa halla ansin in éindí le beirt bhan áitiúil; Juda Uí Loinsigh agus Orlaith Bhreathnach, a thaispeánfaidh do dhaoine conas dúch nádúrtha a dhéanamh le sméara dubha agus beidh seans ag cách a bpictiúr ‘puiteachaí’ féin a phéinteáil ag an ócáid.

Ní féile sméara dubha a bheadh ann gan subh mhilis agus beidh deis ag muintir na féile a gcuid suibhe a dhéanamh agus a bhlaiseadh i gcistin Halla Naomh Eoin.

Cuirfear deireadh leis an bhféile seo le hoíche cheoil agus amhránaíochta in éindí leis an gcláirseoir aitheanta Úna Ní Fhlannagáin.

Beidh tuilleadh eolais agus sonraí cláraithe ar fáil ar www.inismeainbeo.ie agus ag Siopa Ruaidhrí Beag an tseachtain roimh an bhféile.

Tá an fhéile ag dul ar aghaidh le hurraíocht ó Údarás na Gaeltachta agus Ealaín na Gaeltachta.

Is féidir teagmháil a dhéanamh le hAedín Ní Thiarnaigh maidir le hiarratas meáin agus chun grianghraif ar ardchaighdeán a fháil via ríomhphost chuig feilenabpuiteachai@outlook.com .