Bhí Sinéad, Áine agus Siún i láthair ag an bpuball Gaeilge ag an bPicnic Leictreach lena gcara Ali Spillane atá ag dul ar imirce go luath.

Labhair Beo ar Éigean le Ali mar gheall ar a cúlra mar bhean lártíre chomh maith lena taithí ag obair sna meáin le roinnt blianta anuas. Tá Ali ag cur tús le haistear nua san Astráil go luath agus mhínigh sí go bhfuil sí ar bís don chéad chaibidil eile ina saol.

Is féidir leat éisteacht le Beo ar Éigean ar RTÉ Radio One Dé Sathairn ar a 8 nó aon am pé áit a fhaigheann tú do chuid podchraoltaí