Tá Sinéad, Siún agus Áine ag caint faoi chúlchaint an tseachtain seo ar Bheo ar Éigean. Ón gcraic a bhaineann siad as go dtí na hamantaí ar chuala siad ráflaí futhu féin.

An mbaineann cúlchaint le nós na n-Éireannach maidir le scéalaíocht nó an leithscéal é sin a úsáideann na BAÉs?!

Éist le Beo ar Éigean Dé Domhnaigh ar a 6 ar RTÉ Radio One nó aon am pé áit a fhaigheann tú do chuid podchraoltaí.