Dé Domhnaigh 9.30pm ar TG4 ón 14 Lúnasa

Tá an clár, Cúltír, bunaithe ar léiriú beo, agus is iad Pauline Scanlon agus Aoife Ní Bhriain - beirt réaltaí i saol an cheoil Éireannaigh - a bheidh ag treorú an lucht féachana tríd an gcroílár ceoil agus cultúir i sé chontae in Éirinn.

Craolfar an tsraith, a dhíreoidh den chuid is mó ar cheol traidisiúnta agus ceol tíre, gach Domhnach ar feadh sé seachtaine i ndiaidh a chéile ag tosú ar an 14 Lúnasa ag 9.30pm ar TG4, agus in eipeasóidí eile ina dhiaidh, tabharfar an lucht féachana chuig contaetha Chill Chainnigh, Thiobraid Árann, Ros Comáin agus na hIarmhí chomh maith le cuairt a thabhairt ar Fhine Gall.

Aoife Ni Bhriain John Spillane agus Pauline Scanlon

Rachaidh Pauline agus Aoife chun stáitse in éineacht le lucht ceoil den chéad scoth ó gach contae - John Spillane i gCo. Chorcaí agus Mick Hanly i gCo. Chill Chainnigh agus trasna na Sionainne go dtí Ros Comáin cloisfidh muid ó na ceoltóirí mór le rá, Matt Molloy, John Carty agus Leslie Dowdall agus an rapálaí JyellowL i bhFine Gall agus na ceoltóirí clúiteacha ón Iarmhí, Foster agus Allen.

Le linn na sraithe, leagfaidh Aoife uaithi an veidhlín chun a haghaidh a thabhairt suas agus anuas fobhóithre agus bóithríní na hÉireann, agus í sa tóir ar na daoine, na háiteanna agus na mórphearsana cultúir a fhágann saintréithe agus féiniúlacht dá chuid féin ag gach contae. Le linn di a bheith ag taisteal, casann sí agus seinneann sí freisin le ceoltóirí clúiteacha amhail Peadar Ó Riada i gCorcaigh agus Iarla Ó Lionáird i gContae Chill Chainnigh, ina bhfuil a bhaile déanta aige. Ar an misean atá aici chun bunús gach contae a aimsiú, rachaidh Aoife ag babhláil bóthair i gCo. Chorcaí, brúfaidh sí isteach i mianach guail i gCo. Ros Comáin, agus casfaidh sí leis na "cleamairí" iomráiteacha ina ceantar dúchais féin, Fine Gall.

Dé Domhnaigh 9.30pm ar TG4 ón 14 Lúnasa