Labhair Frances Nic Géidigh ar an gclár Barrscéalta le Derek Czajka, fear as California a d'fhoghlaim Gaeilge agus atá ag cur barr feabhais uirthi in Oideas Gael i láthair na huaire.

Cé nach bhfuil amharc na súl aige níor chur sin bac ar bith ar Derek Czajka, as California, an Ghaeilge a fhoghlaim! Dúirt Derek gur fhoghlaim sé an Ghaeilge as a stuaim féin i dtosach agus gur chabhraigh RTÉ Raidió na Gaeltachta go mór leis agus é ar a aistear teanga, chomh maith le acmhainní ar líne agus cúrsaí foghlama.

Frances Nic Géidigh

Seo an chéad uair do Derek a bheith in Éirinn ach tá ceangail ag a theaghlach le hÉirinn a théann i bhfad siar. Luaigh sé gur duine é a raibh an-bhá aige le teangacha eile agus gur thosaigh sé ag foghlaim na Gaeilge nuair a thosaigh an phaindéim agus gur tionscnamh mór foghlama dó é.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Thosaigh Derek ag éisteacht le cláracha ar nós Beo ar Éigean le tuiscint a fháil ar rithim na teanga chomh maith le canúintí éagsúla agus cé nár thuig sé mórán ag an tús, dúirt sé nár thóg sé mórán ama air dul i dtaithí ar an nGaeilge.

Rugadh Derek dall agus tháinig sé go hÉirinn leis féin agus deir sé cé nach bhfuil sé deacair air a bheith ag taisteal, bhí an turas fada ar a chorp.

Éist le Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 11 agus meánlae