Tar éis dhá bhliain fada dá huireasa, tá an fhéile is mó ar domhan ó thaobh cheol traidisiúnta na hÉireann ar ais arís! Don fhéile i mbliana, a bhfuil an 'Homecoming' tugtha uirthi, beidh Fleadh Cheoil na hÉireann ag filleadh ar an Muileann gCearr, an áit inar cuireadh tús léi an chéad lá riamh sa bhliain 1951.

Beidh TG4 ina ‘Lárionad Fleidhe Ceoil’ an deireadh seachtaine seo chugainn, tráth a chraolfar trí chlár bheo ar an 5, 6 agus 7 Lúnasa, ar a mbeidh scoth cheol, amhránaíocht agus dhamhsa na hÉireann.

Le ceithre seachtaine anuas, tá na láithreoirí Dáithí Ó Sé agus Doireann Ní Ghlacáin ag taisteal fud fad na tíre, ag bualadh le cuid de na ceoltóirí is fearr sa tír, a raibh cuid acu ag súil le háit a bhaint amach sna comórtais Uile-Éireann, agus a mbeidh gach duine acu ag triall ar an Muileann gCearr ag pointe éigin le linn sheachtain na féile.

I dteannta Dáithí agus Doireann, beidh a gcomhláithreoirí Peadar Ó Goill agus Maggie Carty, mar aon le togha agus rogha na gceoltóirí traidisiúnta as Éirinn agus níos faide i gcéin, lena n-áirítear ... Martin Hayes, John Francis Flynn, Inni-K, Anúna, Liz Carroll, At The Racket, Kila, 3 On The Bund, agus go leor leor eile.

Beidh Fleadh2022 fréamhaithe go mór i dtraidisiún na Fleidhe, lán amhrán, damhsa, ceoil agus scéalta, agus is cinnte go mbeidh sé ina shiamsaíochta nár cheart a chailleadh don teaghlach ar fad!

Lean cainéil shóisialta @TG4TV chun aicsean agus ceol ón gcúlra sa Mhuileann gCearr a fháil, nó bí páirteach sa chomhrá tríd an haischlib #Fleadh2022 a úsáid

Craolfar na trí chlár bheo, arna léiriú ag Power Pictures, ar TG4 ón Aoine, an 5 Lúnasa go dtí an Domhnach, an 7 Lúnasa idir 9.30pm-11pm