Tá an dealbhóir, ealaíontóir agus údar iomráiteach Clíodhna Cussen tar éis bháis agus deich mbliana agus ceithre scór caite aici. Labhrair an clár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina saol le Colm Brennan (Dealbhóir) agus Mike Mac Domhnaill (File).

As an gCaisleán Nua, i gcontae Luimnigh ab ea Cussen ach chaith sí formhór a saoil i mBaile Átha Cliath. Bhain Clíodhna cáil náisiúnta agus idirnáisiúnta amach mar dhealbhóir a bhí ag obair don chuid is mó le cloch agus cré umha agus in adhmaid, mar phríomhábhar ina saothar.

Tristan Rosenstock

Labhair Mac Domhnaill agus Brennan mar gheall ar an oidhreacht a d'fhág Clíodhna ina diaidh, idir dealbha agus leabhair atá ar fud na hÉireann. Dúirt an dealbhóir, Colm Brennan gur chuir Clíodhna go mór leis an tuiscint atá ag an tír seo faoi ealaíon phoiblí, rud nach raibh i gcónaí ann.

'Duine uasal, cineálta, praiticiúil a bhí inti'

Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6.