De réir figiúirí féachana ó TAM Ireland, d'fhéach 491,000 duine ar chluichí ceannais TG4 i bPeil na mBan Dé Domhnaigh.

Bhí meán lucht féachana de 204,900 ag féachaint ar chraoladh beo chluiche na sinsear idir An Mhí agus Ciarraí. Bhí 30.6% den lucht féachana ag an am ag féachaint ar an gcluiche ceannais. Ag 5:10pm a bhí an lucht féachana ba mhó ag an mbeochraoladh agus 279,800 duine ag féachaint ar An Mhí ag tabhairt Corn Bhreandáin Uí Mháirtín leo don dara bliain as a chéile.

Éist le Máire Ní Bhraonáin ar an gclár Admhaidin ar an mborradh faoi Spórt na mBan

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Bhí lucht féachana ó níos mó ná 50 tír ag breathnú ar na cluichí ceannais ar sheinnteoir TG4 le 14,000 sruth den chluiche ó lucht féachana idirnáisiúnta. Cláraíodh breis agus 20,000 sruth eile ó lucht féachana in Éirinn ar an seinnteoir chomh maith.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, "Mo bhuíochas ó chroí leis na contaetha ar fad, Loch Garman agus Ciarraí go háirithe, a throid go dtí an deireadh i gcaitheamh na Craoibhe an séasúr seo, comhghairdeas le Laois agus leis an Mí agus táim ag súil go mór le ath-imirt Aontroma agus Fhear Manach a bheidh á chraoladh beo ar TG4. Gabhaimid buíochas ar leith leis an slua ollmhór a thaistil chuig na Cluichí Ceannais as gach cearn d’Éirinn. Tá Contae na Mí ach go háirithe mar eiseamláir do chontaetha eile maidir le cén chaoi slua tacaíochta ollmhór a chothú don LGFA sa dá inscne agus ag gach aois. Is moladh an-mhór don chontae ar fad é, an léiriú de 'fandom’ na Mí a chonaic muid i bPáirc an Chrócaigh.

Emma Duggan Maire Ó Shaughnessy agus Vikki Wall

Dé Domhnaigh craoladh an 22ú heagrán de Chraobhchomórtas TG4 i bPeil na mBan, stair uathúil de spórt a mhionlaigh an sochaí á chur chun cinn ag meán teanga a mhionlaigh an stát. Ag seasamh go comhfhiosach le chéile táimid ag fás le chéile. Faoin am a bhainimid 50 bliain den LGFA amach in 2024, tá súil againn go mbeimid go léir níos faide ar an mbóthar i dtreo fíor chomhionannais deiseanna do Pheil Ghaelach na mBan agus do na meáin Ghaeilge."