Sa dara clár sa tsraith Comhrá na gConallach, beidh Áine Ní Bhreisleáin ag dul siar go dtí na hochtóidí, le míreanna ó chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta i nDoirí Beaga roghnaithe aici, a craoladh idir 1980 agus 1989.

Cluinfear tuairisc ar bhás an cheoltóra John Doherty in Eanáir 1980, agallamh faoi na coinníollacha a bhí ag príosúnaigh sna H-Blocanna le Bríd Rodgers ón SDLP, imní i 1982 go raibh RTÉ ag iarraidh deireadh a chuir le Raidió na Gaeltachta agus comhrá leis an ghrúpa Clannad nuair a bhí a gceirnín 'Harry's Game’ le cluinstin ar Top of the Pops.

Chomh maith le sin beidh diospóireachtaí faoi oideachas Gaeltachta, agallamh le ‘File Ghaoth Beara’ Dónal Mac Diarmada ar a bhreithlá 100 bliain agus cúrsaí imirce ar Árainn Mhór á bplé ag Rónán Mac Aodha Bhuí.

Rónán Mac Aodha Bhuí

Daoibhse a mhair in aimsir na scéalta seo, seans go musclóidh sé bhur gcuimhní cinn agus bhearfaidh sé spléachadh ar shaol agus ar chraoladh an raidió i nDún na nGall sna hochtóidí.