Labhair Siún Ní Dhuinn ar an gclár Adhmhaidin faoin ainmniúchán a fuair Beo ar Éigean a bhunaigh sí le hÁine Ní Bhreisleáin agus Sinéad Ní Uallacháin ag Gradaim Phodchraoladh na hÉireann agus faoin mborradh atá ar chláracha dá leithéid.

Ag caint ar an dul chun cinn atá déanta ag Beo ar Éigean agus podchaoltaí eile, dúirt Siún go bhfuil sí den tuairim go bhfuil muintir na hÉireann tógtha le scéalaíocht agus ag éisteacht le scéaltaí dhaoine eile. Luaigh sí gur fhás líon na n-éisteoirí a bhí ag Beo ar Éigean le linn na paindéime mar go raibh uaigneas ar go leor daoine agus gur choinnigh a gclár comhluadar le go leor daoine.

Beo ar Éigean ag caint le Tommy Tiernan

Cé go bhfuil údarás ag na meáin traidisiúnta fós in Éirinn, deir Siún go gceapann sí go bhfuil spás ann do phodchraoltaí freisin agus go léiríonn na Gradaim Phodchraoladh na hÉireann an t-éileamh seo.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Éist le hAdhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 8 agus 9