Labhair Sarah Ní Dhubháin ar an gclár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina saol in Shanghai na Síne, áit a bhfuil sí ag cur fuithi le ceithre bliana anuas.

Tá dhá bhliain go leith ón uair go raibh deis ag Sarah filleadh ar Chorca Dhuibhne agus cé go bhfuil saol breá aici sa tSín, deir sí go raibh uaigneas uirthi i ndiaidh a baile le sé mhí anuas.

Tá ceithre mbliana caite a múineadh i Shanghai na Síne aige Sarah Ní Dhubháin. Deir sí go dtabharfaidh sí bliain eile ann agus beidh sí féachaint chuici is uaithi ansin.

Maidir le cúrsaí na paindéime, luaigh Sarah go raibh cur chuige éagsúil ag tSín dul i ngleic leis an víreas. Mar shampla, tá tréimhse eile caite ag Sarah faoi dhianghlasáil le tamaill anuas mar go raibh rátaí imithe in airde sa chathair.

Luaigh Sarah toisc gur cuairteoir í sa tSín, léiríonn sí an-mheas ar na rialacha a bhí dian a dhóthain maidir leis an víreas ach go raibh frustrachas ag teacht ar mhuintir na Síne le tamaill anuas mar gheall ar na rialacha seo.

Faoi láthair, tá bialanna ag oscailt suas arís ach deir Sarah go bhfuil an baol ann go ndéanfar an áit a dhúnadh síos arís ag am éigin sa todhchaí. Cé go bhfuil rialacha na Síne dian, taitníonn Shanghai go mór léi mar áit chónaithe.

Éist le An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00