Thug Sinéad Ní Uallacháin cuairt air an dtaispeántas 'Into the Island' ata ar siúl sa Mhusaem Litríochta ar Fhaiche Stiabhna agus rinne sí léirmheas ar a bhfaca sí ann ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Dúirt Sinéad gur bhain sí an-sásamh as an am a chaith sí ag an taispeántas atá dírithe ar shaothar litríochta na mBlascaod, Peig Sayers ina measc.

Luaigh sí na guthanna éagsúla ar féidir leat a chloisteáil, ó Pheig Sayers, ó Shéamus Ó Duillearga ón gCnuasach Bhéaloideas Éireann agus fuaim na farraige freisin chomh maith le léargas álainn a fháil ar thraidisiún na n-oileán.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Tá scannán ann ar féidir leat féachaint air le tuairimí an ealaíontóra Gary Coyle mar gheall ar Pheig agus a thurais go Corca Dhuibhe ag iarraidh a rian a aimsiú ar an áit.

Cé go bhfuil an taispeántas cuimsitheach ann, deir Sinéad go raibh go leor ann chun an cuairteoir a shásamh ach nach raibh sé chomh mór sin go mbeifeá ann an lá ar fad.

Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00