Archive material from the seventies from the Doirí Beaga archives in Donegal.

Sa chéad chlár sa tsraith seo, beidh míreanna ag Áine Ní Bhreisleáin dúinn ó na seachtóidí ó chartlann Dhoirí Beaga. Cluinfear míreanna nuachta, scéalta éadroma, tuairiscí ar thubaistí farraige agus argóintí faoi chaighdéan na Gaeilge i dTír Chonaill. Beidh mír ann ó Éigse Uladh i nGaoth Dobhair in ómós an scríbhneora Seosamh Mac Grianna, díospóireacht faoi chúrsaí fostaíochta sa Ghaeltacht agus turas go hÁrainn Mhór le Timlín Ó Cearnaigh. Cloisfidh muid tuairimí ó éisteoirí an Raidió freisin i 1978 faoi chraoladh an stáisiúin, agus nósanna éisteachta i mblianta luatha Raidió na Gaeltachta.

In the first programme in this series, Áine Ní Bhreisleáin goes through the Doirí Beaga archives of the station to bring us a wealth of material from the seventies. We'll hear news reports, some lighter stories, arguments about the standard of Irish in Donegal, and reports of sea tragedies. We’ll hear a recording from the Éigse Uladh festival in Gaoth Dobhair honouring writer Seosamh Mac Grianna from April 1972, a debate about employment in the Gaeltacht, and a trip to Árainn Mhór by broadcaster Timlín Ó Cearnaigh. We’ll also hear some listener opinions from that time about the radio output and their listening habits.