Dé Luain, 25 Iúil ag 8pm ar RTÉ ONE nó aon am ar an RTÉ Player.

This week on Bog Amach, Clann Mhic Dhomhnaill are searching for the good life on the Donegal coast for their four sons – can the show find the perfect place and help.

Tá Muintir Mhic Dhomhnaill ag cuartú saol úrnua ar chósta Dhún na nGall. An féidir leis an seó áit a aimsiú dóibh agus cabhrú leo bogadh amach as Béal Feirste?

Tá méadú mór ar an líon daoine atá ag malartú saol na cathrach, le tranglaim tráchta agus brú spáis, le saol nua, ciúin i gceantair tuaithe. Tá go leor acu meallta ag ceantair cois cósta, in aice sléibhte agus radharcanna deasa agus iad ar thóir saol nua. Réabhlóid shóisialta atá san ‘obair ón mbaile’ d’oibrithe agus d’fhostóirí agus bunaithe air sin, tá go leor daoine in ann a n-aislingí a leanacht.

Má tá daoine ag iarraidh oibriú ón mbaile, cén fáth nach mbeadh cónaí orthu sna háiteanna is áille sa tír? Deir gníomhairí tithíochta go bhfuil an-tóir ag daoine ar thithe amuigh faoin tuath.

Sa tsraith nua seo ina sé chuid, buailfidh an láithreoir Tessa Fleming le seisear clann i gcuid de na háiteanna is tarraingtí sa tír agus, le chéile, feicfidh siad an cineál saoil nua a bheadh rompu. Beimid ag taisteal ó thuaisceart Dhún na nGall go Sligeach, go Conamara, agus go deisceart Chiarraí ag féachaint ar na dúshláin agus ar na buntáistí a bhaineann le saol na tuaithe. Feicfimid raon leathan tithe i ngach áit – uathu siúd a dteastaíonn athchóiriú mór uathu go dtí na tithe atá réidh le siúl isteach iontu.

Gach seachtain cuidíonn Tessa le clann nó lánúin difriúil. An mbeidh siad in ann a n-aisling a aimsiú?

Tessa Fleming, láithreoir

Beidh trí theach le taispeáint gach seachtain – ón 'do-er upper' go dtí an teach gleoite críochnaithe agus beidh an praghas dá réir. Beidh idir dhúshláin agus phléisiúr i ngach cuairt.

Beidh aithne ag go leor ar na ceantair eagsúla – bhíomar ansin ar ár laethanta saoire, nó chaitheamar tamall ann le linn ár n-óige. Feicimid ar fad na pictiúir sna nuachtáin agus ar an idirlíon, agus cén duine againn nach gcaitheann súil ar na suíomhanna tithíochta?

More and more people are swapping hectic city life, traffic jams and lack of space for a quieter and more serene life in rural Ireland. They’re drawn by the coast, the mountains and the scenery in their search for a new way of life. And working from home has created a revolution for employers and workers, making the once seemingly impossible dream a reality.

Dé Luain, 25 Iúil ag 8pm ar RTÉ ONE nó aon am ar an RTÉ Player.