Tá féile Bród buailte linn agus le labhairt faoi sin agus go leor eile, tá Eoin Ó Catháin ag caint le Sinéad, Siún agus Áine ar an eagrán speisialta seo do Bheo ar Éigean.

Tá Eoin ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta mar Thuairisceoir Polaitíochta agus minic le feiceáil ar an teilifís agus dár ndóigh, ar na meáin shóisialta.

Eoin Ó Catháin

Bhí Eoin i dteannta na mban siar sa bhliain 2017 nuair a cuireadh tús le Beo ar Éigean ach tá sé fillte orthu le labhairt faoina shaol mar fhear aerach i mBaile Átha Cliath.

Is féidir leat éisteacht le Beo ar Éigean ar RTÉ Radio One ar an Domhnach ar a 6 nó pé áit a fhaigheann tú do chuid podchraoltaí.