Labhair an craoltóir agus ceoltóir, Pádraig Ó Sé le Andrea Palandri as an Iodáil faoina shaol agus faoin gcúis gur bhog sé go hÉirinn agus gur fhoghlaim sé an Ghaeilge ar Comhrá an Tráthnóna ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Tá Andrea anois ag cur faoi i gCorca Dhuibhne agus ag obair le Cnuasach Bhéaloideas Éireann atá lonnaithe i gColáiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath.

Is féidir leat éisteacht le hAndrea ag caint ar Todhchaí na Tuaithe ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Éist le Comhrá an Tráthnóna ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Céadaoin ag 2.05