Le breis is 500 imeacht ar siúl ar fud na tíre do Chruinniú na nÓg, 'sé an nuacht iontach go bhfuil imeachtaí Ghaeltachta agus grúpaí óige a bhíonn ag obair leis an gClár Cuisle le hEalaín na Gaeltachta ag glacadh páirte.

Ar an 11ú Meitheamh beidh 9 n-imeacht ag tarlú ar fud na Gaeltachta.

I dTír Chonaill beidh 4 imeacht éagsúil ar siúl:

Bain triall as Uirlisí Ceoil - Fáilte roimh pháistí bunscoile triall a bhaint as réimse leathan uirlisí ceoil traidisiúnta atá sa Chrannóg, píob, cláirseach, consairtín, fidil, maindilín, fliúit 7rl. Beidh an grúpa An Crann Óg ag seinm agus ag ceol agus ag taispeáint na huirlisí do na páistí, faoi stiúir teagascóirí.

Glaoigh Dobhair: Más maith leat Glee, amhránaíocht, ceol agus córagrafaíocht, foghlaim na ‘moves' agus na ‘grooves’ de thrí amhrán úr nua a dhéanamh ar an stáitse in Amharclann Ghaoth Dobhair.

Ceardlann máistreachta ceoil le Steve Cooney in Áislann Chill Chartha. Beidh an ceoltóir iomráiteach Steve Cooney i dteannta le teagascóirí an scoil cheoil agus a gcairde ag teagasc agus iad ag roinnt a gcuid scileanna agus taithí leis an óige.

Steve Cooney

Ag Cruthú Ceoil : Beidh fáilte roimh an óige lena gclann agus cairde theacht chuig an ceardlann Ag Cruthú Ceoil le Ed Devane a bheidh ar siúl sa tSeanbheairic.

I gConamara beidh 2 imeacht ar siúl:

Ó Ghlúin go Glúin. Beidh ceoil, rince ‘s na hamhráin i lár an aonaigh nuair a thiocfaidh an dream óg agus aosta le chéile agus ceiliúradh a dhéanamh acu ar sheachadadh traidisiúin ó ghlúin go glúin. Cuirfidh daoine óga ceolchoirm i láthair os comhair muintir Áras Mhic Dara ar an gCeathrú Rua agus muintir Áras Chois Fharraige ar an Spidéal.

Is linne an tSeoid Álainn í. Beidh amhrán nua-chumtha á seoladh ag ceoltóirí óga ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, ar an gCeathrú Rua, ag ceolchoirm thuas staighre in Ionad na Feamainne i Leitir Mealláin.

I nGaeltacht na Mí , mar chuid de Fhéile na Gealaí, tá 3 imeacht ar siúl i Leabharlann Ráth Chairn:

Polcaphonc. Preab sa Cheol!

Seó úr do pháistí atá bunaithe ar phreab-leabhar úr atá ag teacht amach sa Samhradh. Beidh ‘Cabóg an Phortaigh’ ag ceol agus ag cur an seó i láthair.

Am Scéalaíochta agus Ceardaíocht le Hannah. Glac páirt le Hannah le haghaidh seisiúin spraoiúil agus cruthaitheach do pháistí faoi bhun 6 bliana d’aois le téama scéalaíochta agus ceardaíocht.

STEAM - Tar agus Tóg Linn. Seisiún spraoiúil oscailte le Magformers, Lego, Ealaín, ficheall ollmhór agus níos mó!

Ag caint faoi Cruinniu na nÓg sa Ghaeltacht, dúirt Elaine Scahill, Comhordaitheoir an clár Cuisle, Ealaín na Gaeltachta; "Is deis atá i gCruinniú na n-Óg aitheantas a thabhairt don deá obair atá ar siúl ag grúpaí óige timpeall na tíre atá ag glacadh páirte in imeachtaí ealaíne i rith na bliana. Tá muid an bhródúil as na daoine óga a bhíonn muid ag obair leo sa Ghaeltacht agus is léir go bhfuil féith na gcruthaitheachta, ealaíne agus dlúth cheangal acu lena dteanga agus lena dúchais. Is iad an dream óg an chéad ghlúin eile agus is léir gurb iadsan cuisle - croí agus anam na Gaeltachta. "

Lean Ealaín na Gaeltachta ar na Meáin Shóisialta le tuilleadh eolais a fháil faoi Chruinniú na nÓg nó téigh chuig https://cruinniu.creativeireland.gov.ie/