Labhair Cathaoirleach CONCOS, Franc Ó Maoláin, ar Morning Ireland faoi staid reatha na gColáistí Samhraidh agus mná tí ag éirí as an gcúram.

Mar go raibh na coláistí dúnta le roinnt blianta anuas toisc an phaindéim, deir an Cathaoirleach go bhfuil roinnt mná tí nár fhill ar an obair i mbliana. Ciallaíonn sin nach bhfuil go leor lóistín ar fáil don éileamh atá ag teacht ó dhaltaí scoile.

Éist le Franc Ó Maoláin ag caint ar an gclár Adhmhaidin faoin dúshlán seo.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Tá liúntas ar fáil do mhná tí atá ag soláthar lóistín ach deir Ó Maoláin nach leor é chun daoine a mhealladh i dtreo na hoibre seo. Deir sé go mbeidh ar an rialtas níos mó tacaíochta a chur ar fáil dóibh siúd atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta chun an obair seo a dhéanamh níos mealltaí.

Éist le Morning Ireland ar RTÉ Radio 1 ón Luan go hAoine ar a 7