Scríobhann an Dr. Padaí Ó Tiarnaigh ar na laethanta stairiúla atá ag titim amach mar gheall ar obair cheannródaíoch An Dream Dearg.

"Tá sé cosúil le hoíche Nollag", a dúirt duine de na gníomhaithe ón Dream Dearg liom ar an Aoine sin, an oíche roimh an Lá Dearg, agus baicle againn bailithe le chéile taobh amuigh de Halla na Cathrach i mBéal Feirste. Bhí Halla na Cathrach curtha dearg an oíche sin mar chomhartha dlúthpháirtíochta leis an fheachtas ar son chearta teanga, ar nós hallaí agus foirgnimh mhór-aitheanta i gComhairlí ar fud na hÉireann, ó Dhoire Cholm Cille go Corcaigh agus go leor eile idir eatarthu.

Bhí an ceart aici, fosta, bhí rud éigin speisialta le mothú san aer an oíche sin, spiorad agus beocht a lean muid le linn an lae ar an Satharn, agus ar aghaidh fríd ceann de na seachtaine ba stairiúla agus ba shiombalaí i stair na teanga ó thuaidh.

Éist anseo leis an Dr. Pádraig Ó Tiarnaigh ag labhairt ar an gclár Adhmhaidin faoin dréachreachtaíocht d'acht teanga le cur faoi bhráid Westminister.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Is maith liom cur síos a dhéanamh ar An Dream Dearg mar spás, ní mar eagraíocht nó scáthghrúpa nó aon rud eile den chineál sin. Is spás a bhí sa Dream Dearg riamh anall, spás oscailte, spás rannpháirteach agus fáilteach, a lig dúinn theacht le chéile lenár bpleananna móra a ullmhú, a phlé agus a phleanáil.

Is spás é An Dream Dearg a thosaigh i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, baile spioradálta s'againne, i ngeimhreadh gruama 2016, mar fhreagra pobail ar bhlianta d’ionsaithe suaracha agus de chinntí leatromacha i gcoinne na teanga; spás a thug muid chomh fada le samhradh spleodrach 2022 agus an mhórshiúl is mó i stair na teanga, is cosúil. Spás ab ea nach raibh teoranacha ar bith leis, a tháinig faoi bhláth in ollscoileanna, i gcumainn óige agus i mbailte ar fud na tíre, agus a thóg le chéile na mílte, mílte Gael ar líne a bhí ag iarraidh a gcuid féin a dhéanamh.

Éist anseo le hóráid na Banríona ag déanamh tagairt don Acht Gaeilge

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Ó na síolta beaga sin a cuireadh 6 bliana ó shin, bunaithe ar fhealsúnacht cheannródaithe misniúla Bhóthar Seoighe leathchéad bliain romhainn, d’fhás gluaiseacht pobail a chreid gur féidir leo an domhan beag seo a maireann muid ann a athrú. Agus is sin a rinne siad. Thug siad dúshlán stáit nár aithin iad, stát nár chuir a rogha teanga san áireamh i ndeantús polasaithe, agus stát a bhrúigh iad go coirnéil chiúine gan cheist.

Le céad-léamh an bhille úir in Westminster a tháinig ceithre lá i ndiaidh An Lá Dearg, bhain gluaiseacht na teanga clochmhíle nua agus an chéad mhór-bhua amach sa streachailt fhada sin. Don chéad uair riamh sa stair chonaic muid Rialtas na Breataine ag glacadh céimeanna suntasacha chun an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn, i ndiaidh dlíthe agus rialacha tromchúiseacha a chur i bhfeidhm in Éirinn a théann chomh fada siar le 1367 chun an teanga a scrios agus a ruaigeadh.

Don chéad uair anseo beidh cead ag Gaeilgeoirí an Ghaeilge a úsáid sna cúirteanna anseo, le haisghairm píosa dlí atá ar na leabhair reachtúla ó bhí 1737 ann. Don chéad uair riamh beidh coimisinéir Ghaeilge ann ó thuaidh, duine suite i gcroílár an stárchórais a mbeidh sé de dhualgas acu an teanga a chosaint, agus a chur chun cinn.

Níor cheart go mbeadh an stáit 'neodrach’ ar cheist na teanga, ba cheart, anois, go mbeadh an stát rannpháirteach agus bródúil as an athbheochan reatha atá faoi lán seoil, agus toilteanach cur leis na hiarrachtaí sin bealach ar bith agus gur féidir leo. Agus nuair a thagann na hionsaithe suaracha sin agus na cinntí leatromacha chun cinn arís, agus tiocfaidh siad, beidh uirlisí dlíthiúla ag an phobal troid ar ais.

Anois is féidir le pobal na Gaeilge bheith ag súil le tuilleadh Gaeilge a fheiceáil fud fad na sé chontae agus le tuilleadh Gaeilge a úsáid agus iad ag plé leis an stát; athruithe beaga agus suntasacha agus siombalacha nach mbeidh caillte ar ghlúnta Gael a throid d’aitheanteas oifigiúil dá dteanga dhúchais le fada, fada an lá.

Ach dá stairiúla agus atá an reachtaíocht teanga sin ann féin, is tábhachtaí arís an ghluaiseacht dhearg a thóg muid chuig an chlochmíle chéanna. Chonaic muid le blianta beaga anuas claochlú agus cumasú pobail faoi lánseoil; daoine óga a mhothaíonn úinéireacht ar threo taistil s’acu féin agus a thuigeann go bhfuil a gcaibidil féin i scéal na Gaeilge á scríobh acu.

Sea, tá rud éigin san aer. Mhothaigh muid uilig an fuinneamh neirbhíseach, dearfach, spleodreach sin san aer le dornán beag seachtainí anuas; fuinneamh docheannsaithe atá anois freamhaithe i nglúin úr de ghníomhaithe teanga atá muiníneach, ceannródaíoch agus iontach go deo tiománta. Is iadsan dea-scéal an aistir mhóir seo, aistear nach bhfuil ach ag toiseacht.