Labhair Conall Ó Móráin le Máirín Ní Ghadhra ar an gclár, Adhmhaidin mar gheall ar an ráta boilscithe chomh maith leis an gcostas maireachtála in Éirinn.

Deir Ó Móráin go raibh an ráta ard seo á thuar le píosa agus gur ar an gcogadh san Úcráin atá an milleán mar gheall ar an gceangail láidir atá ag an Rúis ar bhreosla. Ag caint ar an bpraghas ard ar ola agus gás, deir Conall go bhfuil an t-ádh orainn go na deacrachtaí seo ag tarlú le linn an tsamhraidh ach gur scéal eile ar fad a bheas ann nuair a thagann an geimhreadh.

Cé go bhfuil an rialtas faoi bhrú rud éigin a dhéanamh faoin gcostas maireachtála in Éirinn, thug Conall an rabhadh go gciallódh sin go ngearrfaí cáin bhreise áit éigin eile agus nach airgead in aisce a bheadh ann dúinn.

Éist le Adhmhaidin ó Luan go hAoine óna 8 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta