Tá post nua agus teach nua ag Sinéad ach cén fhad a thóg sé uirthi le hathruithe seo a dhéanamh agus an n-athraíonn na nithe seo muid go hinmheánach freisin?

Tá Beo ar Éigean tógtha leis an nóisean seo gur féidir agus go deimhin, gur gá athruithe a chur i bhfeidhm sa saol leis an saol a shaibhriú. Cén fáth, mar sin, an bhfuil muid uilig chomh sásta fanacht mar atá?

Éist anseo le Sinéad, Áine agus Siún ag caint le Marty Morrissey faoin gclár Beo ar Éigean agus na héisteoirí dílse atá acu

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences



Pléann an triúr an nós a bhíodh ag Siún a post a athrú go mion minic ach an bhfuil sé sláintiúil a bheith ag dul ó phost go post nó an fearr é cloí le tionscnamh amháin, mar atá déanta aici lena post reatha.

Éist le Beo ar Éigean Dé Domhnaigh ar a 6 ar RTÉ Radio One nó aon am, pé áit a fhaigheann tú do chuid podchraoltaí.