Labhair T.P Ó Conchúir le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi na nósanna turasóireachta atá athraithe i gCorca Dhuibhne le tamaill de bhlianta anuas.

Bhí tionscail láidir turasóireachta i nGaeltacht Chorca Dhuibhne tráth agus daoine teacht air thóir na Gaeilge ann. Tá sé níos deacra an Ghaeilge a chloisteáil sa Ghaeltacht a deir TP.

Dúirt TP gur cuimhin leis an tráth go dtarlódh formhór na turasóireachta 'laistiar den Daingean', mar nach raibh sa bhaile beag ach dhá óstán agus gur mheall an scannán cáiliúil Ryan's Daughter go leor leor daoine chuig an gceantar Gaeltachta. 'Sin é an rud a thosnaigh an rud ar fad', a deir Ó Conchúir agus é ag trácht ar an Daingean mar áit speisialta do chuairteoirí.

Corca Dhuibhne

Tabhairneoir a bhíodh in TP agus deir sé go mbíodh seisean agus tabhairneoirí eile ag brath ar oícheanta thall agus abhus ar nós Lá an Dreoilín, sochraid nó pósadh mór nó nuair a bhainfeadh cú rás mór i dTrá Lí. Bhíodh ó Dhún Chaoin go dtí An Cuas lán do dhaoine an uair sin, 'cleas Gaoluinne' formhór na ndaoine a thagadh chun na Gaeltachta chun í a chloisteáil agus chun í a labhairt. 'Bhí sé go flúireach an uair sin'.

An teanga a thug ann na cuairteoirí, a dúirt TP agus cé go dtagann daoine fós don Ghaeilge, tá an-athrú tagtha ar an gceantar ó shin.'Tá na sléibhte agus na cnoic mar a chéile ach tá athrú mór sa chultúr'.

Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00