Chuaigh Neansaí Ní Choistealbha chomh fada le hInis Bó Finne, áit a bhfuil dhá choirceog curtha ag Cumann Beachairí Chonamara le hiarrachtaí a dhéanamh an bheach dhubh dhúchasach a shabháil.

Deir Neansaí go bhfuil an bheach seo i gcontúirt mhór agus go bhfuil deireadh leo san Eoraip agus go bhfuil iarrtha ar bheachairí na hÉireann a ndícheall a dhéanamh chun an bheach seo a chaomhnú. Go dtí seo, tá tugtha faoi deara go bhfuil an bheach neamhdhúchasach ag brú isteach de réir a chéile ar an mbeach dhúchasach seo.

Éist anseo le hÉanna Ní Lamhna ar an gclár Mooney Goes Wild mar gheall ar chaomhnú na mbeach in Éirinn

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences



Tá an chaomhnú seo ar cheann de mhóraidhmeanna Chumann Beachadóirí Chonamara agus dá réir, tá dhá choirceog curtha amach chomh fada le hInis Meáin leis na beacha seo a chosaint agus tá ag éirí go maith leo. Ag tógáil air seo, tá dhá choirceog eile ag dul amach go hInis Bó Finne. Tá ceantar Chonamara ar cheann de na háiteanna is fearr don timpeallacht agus do bheacha na tíre seo agus tá dóchas ag na beachadóirí i gConamara.

Luaigh Paddy gur thug siad na coirceoga isteach chuig an oileán mar go mbeidh siad sabháilte ann agus go bhfuil na bláthanna cuí ar an oileán seo do na beacha seo.

Éist le hIris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 9 agus 10.