Labhair cairde leis an gceoltóir mór le rá, Seán Garvey, a cailleadh le déanaí mar gheall ar an oidhreacht cheolmhar a d'fhág sé ina dhiaidh ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

I measc na ndaoine a labhair ar Sheán, bhí Paddy Bushe, Micheál Ó Leidhin, Tim Dennehy, Breandán Ó Beaglaoi agus a thug ómós dá gcara Seán Garvey atá ar lár.

Dúirt an file Paddy Bushe gur scéal tubaisteach ab ea bás Sheáin, mar dhuine agus mar phearsa cultúrtha ach go háirithe do cheantar Uíbh Ráthaigh. Dúirt Paddy go mairfidh an ceol agus go bhfuil go leor taifid déanta ar ghlór Sheáin ach go bhfuil daoine croíbhriste go bhfuil sé ar shlí na fírinne.

Bhí cáil faoi leith bainte amach ag Seán as a leagan speisialta d'amhrán Sigerson Clifford, The Boys of Barr na Sráide.

We need your consent to load this YouTube contentWe use YouTube to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Dúirt Breanndán Ó Beaglaoich nuair a bhuail sé le Seán don chéad uair, chas sé amhrán a chuaigh go 'croílár an amhráin' agus go ndeachaigh sé go mór i bhfeidhm air. Cé go bhfuil Seán caillte anois, dúirt Breanndán gur gcuimhneoidh sé air agus é beo go deo.

Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00