Shuígh Brían agus Diarmuid Mag Ghloinn síos le Tristan Rosenstock le labhairt faoin albam nua, Nine Waves atá díreach críochnaithe acu, ar an gclár An Cúinne Dána ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Deir na deartháireacha Mhic Gloinn gur ainmníodh an t-albam nua Nine Waves toisc go bhfuil naoi bpíosa ceoil air agus go bhfuil suntas freisin don chéad file ariamh, Aimheirgín, a tháinig isteach go hÉirinn a deir siad ar naoi dtonn. Tá go leor den fharraige agus den spás a bhaineann leis an muir le cloisteáil ar an albam freisin, a deir siad.

Labhair Brían agus Diarmuid faoi tslí go ndeachaigh an áit a raibh siad lonnaithe i bhfeidhm orthu ó Árainn Mhór go Bóthar na gCloch agus Cill Mhantáin freisin.

Listen here to Ye Vagabonds' Brían Mac Gloinn tells the story in word and song of the rescue of 18 Dutch sailors off Arranmore Island in December 1940 on RTÉ Lyric FM

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Tá go leor ceol uirlise ar an albam nua seo, níos mó ná mar atá ar na halbaim eile agus dúirt Brían agus Diarmuid go dtugann na poirt spás idir na hamhráin ar an albam seo agus gur 'palate cleansers' iad dóibh siúd atá i mbun éisteachta leis an albam.

Éist leis An Cúinne Dána ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Dé Sathairn ag 10.30am