Labhair Cuan Ó Seireadáin, Bainisteoir Chomhlacht Forbartha Inis Meáin ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi oscailt oifigiúil an ionad pobail agus an G-teic ar an oileán.

D'oscail Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers an t-ionad pobail agus ionad G-Teic nua Inis Meáin ag ócáid oifigiúil ar an oileán ag an deireadh seachtaine.

Cé gur scéal an-fhada a bhí ann chun an ionad a oscailt, dúirt Cuan go raibh obair iontach curtha i gcrích ag an bpobal chun áiseanna den chéad scoth a chur ar fáil dóibh siúd atá ag cur futhu ar an oileán.

Osclófar naíonra i mí Mheán Fómhair agus chomh maith leis sin tá G-Teic, áit a mbeidh leathanbhanda ar ardchaighdeán ar fáil dóibh siúd atá ag cianobair ann.

Bhí sé ina cheiliúradh istigh ar Inis Meáin inniu nuair a sheol Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers ionad pobail agus mol digiteach G-Teic nua. Thug 500 duine faoi Inis 'Iron' Meáin ar an oileán. pic.twitter.com/VUwMtVlG61

— NuachtTG4 (@NuachtTG4) April 30, 2022

Dúirt Cuan go bhfuil éileamh mhór léirithe don G-Teic agus go bhfuiltear ag súil go ndéanfar brabús as an áis seo a chuirfidh go mór le heacnamaíocht an oileáin.

Jack Chambers T.D

Éist le Adhmaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 8 agus 9