Labhair Dr. Pádraig O Tiarnaigh, bainisteoir cumarsaide, Conradh na Gaeilge ar an gclár Adhmhaidin faoin bhfeachtas #gaelvóta atá á sheoladh mar chuid den toghchán sna sé chontae.

Deir Pádraig go ndeachaigh Conradh na Gaeilge i dteagmháil leo siúd atá ag rith sa toghchán ó thuaidh lena gcuid polasaithe maidir leis an nGaeilge a chur ar súile na ndaoine a bheidh ag caitheamh vóta ag an deireadh seachtaine.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Gnáthchleachtas é seo d'eagraíochtaí stocaireachta, a deir an Dr. Ó Tiarnaigh agus bhí 5 mhórchuspóir ag an gConradh maidir leis an nGaeilge ó thuaidh, ina measc, an reachtaíocht teanga, cursaí Gaelscolaíochta, straitéis don teanga, beartais nua maidir leis an nGaeilge mar ábhar GCSE agus tosaíochta maidir hairí.

Luaigh Dr. Ó Tiarnaigh go bhfuarthas tacaíocht mhór ó 6 pháirtí ach nach bhfuarthas freagra ar bith ón bpáirtí aontachtach nó ó aon iarrthóir aontachtach, fiú agus gur cúis mhór díomá ab ea sin dóibh. Léiríonn seo, dár le Pádraig an imeallú atá déanta ar cheist na Gaeilge sna sé chontae.

Toghchán

Beidh clúdach cuimsitheach ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ar thorthaí an toghcháin i gcláracha speisialta, Lá an Chomhairimh, Dé hAoine, 6 Bealtaine ag 1.30pm

Déanfaidh painéal saineolaithe agus tuairisceoirí léirmheas agus tuairisciú ar thorthaí thoghchán Chomhthionól an Tuaiscirt ar an gclár seo. Is í Gormfhlaith Ní Thuairisg a chuirfidh an clár i láthair beo ó stiúideo Raidió Fáilte i mBéal Feirste, agus orthu siúd a bheas ar an bpainéal beidh Póilín Ni Chiaráin, Ian Malcolm, Eoin Ó Néill, Ciarán Ó Pronntaigh, Máirín Hurndall agus Máirtín Ó Muilleoir.

Éist le Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 8 agus 9