Beidh clúdach cuimsitheach ar thoghchán Chomhthionól an Tuaiscirt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Nuacht TG4 le linn na deireadh seachtaine, ó thuar go torthaí agus anailís.

Ag tosú ar an Aoine, 6 Bealtaine ag 1.30pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta beidh na craoltóirí Gormfhlaith Ní Thuairisg agus Máirín Ní Ghadhra ag coinneáil súil ghéar ar na vótaí chomh maith le bheith ag caint leo siúd atá ag cur futhú ó thuaidh agus a bhfuil fios a ngnó acu.

I measc na ndaoine a dhéanfaidh anailís ar an toghchán, beidh Póilín Ni Chiaráin, Ian Malcolm, Eoin Ó Néill, Ciarán Ó Pronntaigh, Máirín Hurndall agus Máirtín Ó Muilleoir.

Éist anseo le Póilín Ní Chiaráin, Comhfhreagraí RTÉ RnaG i mBéal Feirste ag caint faoin toghchán

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Craolfar clár speisialta uair a chloig de Nuacht TG4 beo ó Bhéal Feirste Dé hAoine an 6ú Bealtaine do thoghchán Chomhthionól an Tuaiscirt ón a 7pm.

Cuirfear tús leis an gcomhaireamh Dé hAoine i gceann de na toghcháin is cinniúnaí i stair Thuaisceart Éireann. Tá Sinn Féin ag súil go mbeidh siad ar an pháirtí is mó sa Chomhtionóil ach tá an DUP ag iarraidh stop a chur leo. Díol spéise fosta a bheas sa chath idir na páirtithe Aontachtacha. Beidh tuairiscí ó na toghcheantair chinniúnacha mar aon le hanailís ó shaineolaithe polaitíochta Póilín Ní Chiaráin, An Dr. Ian Malcolm agus Máirtín Ó Muilleoir. Is í Eimear Ní Chonaola a chuirfidh an clár i láthair.

Eimear Ní Chonaola

Ar an Satharn, 7 Bealtaine ag 10.30am nuair a bheidh súil le torthaí ar an toghchán atáthar ag tuar ag athróidh polaitíocht na Tuaiscirt, beidh clár á chur i láthair ag Máirín Ní Ghadhra le painéal plé Fergus Ó hÍr, Ciarán Mac Giolla Bhéin, Clíona Ní Chorráin, Somhairle Mac Uidhir agus Póilín Ní Chiaráin.

Máirín Ní Ghadhra