Sa chlár seo fiosraíonn Aedín Ní Thiarnaigh faoi bhláthanna diamhracha phortaigh na hÉireann, ó bhláthanna aitheanta ar nós an cheannbháin go bláthanna feoiliteacha dála an drúchtín móna.

I gcomhluadar an éiceolaithe Katie O'Dwyer, foghlaimíonn Aedín faoi ról na bportach in ionsú charbóin agus faoin ngnáthóg uathúil a sholáthraíonn na portaigh dár bplandaí dúchasacha.

Siar go leithinis Chorca Dhuibhne leis an láithreoir ansin, áit a gcasann sí le beirt bhean a bhfuil a saineolas féin acu i dtaobh na mbláthanna fiáine; i dteannta an ealaíontóra Uná Ní Shé, taispéantar dúinn conas scairf síoda a dhathú le bláthanna an aitinn agus i gcomhluadar an chócaire Louise Brosnan, tugtar oideas blasta dúinn chun glóthach milis a dhéanamh leis na bláthanna geala céanna.

Aedín ar an bPortach

In this episode, Aedín Ní Thiarnaigh examines the mysterious wildflowers of Ireland’s boglands, from well-known tufts of bog-cotton to the carnivorous sundew.

Alongside ecologist Katie O’Dwyer, Aedín finds out about the role of boglands in carbon absorption and about the unique habitat that boglands provide for native Irish wildflowers.

Éist anseo le láithreoir an chláir, Aedín Ní Thiarnaigh ag caint ar an gclár, Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


The presenter then takes the road west along the Dingle Peninsula where she meets two women, each with their own wildflower expertise; with artist Úna Ní Shé, we see how furze blossoms can be used to dye silk and from chef Louise Brosnan, we get a tasty recipe for sweet furze jelly.

Faoi Bhláth, Dé Luain ag a 8 ar RTÉ ONE nó aon am ar an RTÉ Player