Labhair Áine Ní Ghlinn faoi Liricí Gearra ó Alan Titley agus Comhrá Cosáin atá curtha in eagar ag Fearghas Mac Lochlainn ar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Luaigh Áine cnuasach nua filíochta le hAlan Titley, Liricí Gearra atá foilsithe ag Coiscéim. Dár ndóigh, tá aithne ag pobal léitheoireachta na hÉireann ar Titley mar scríbhneoir próis, don chuid is mó. É sin ráite, deir Áine gur file cumasach freisin é. Seo an dara cnuasach atá scríofa aige. Téann an cnuasach seo i ngleic le hathrú aeráide ina stíl fein, le himeartas focal agus spraoi le friotal sa Ghaeilge.

Má tá moltaí leabhar eile uait, éist anseo le hEimear Mc Govern, ar an gclár Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

An dara leabhar a mholann Áine ná an cnuasach nuafhoilsithe, Comhrá Cosáin a chuimsíonn lúibíní agus agallaimh beirte do dhaoine óga. Cuireann Áine béim ar thábhacht an chnuasaigh toisc an cheangail idir an scríbhneoireacht ón dtraidisiún béil do bhunscoileanna na tíre.

Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6