Tá cur síos ar scéalta, seanchas agus pobal leathinis Fhánada,an Ghaeltacht is faide ó thuaidh in Éirinn san chlár cartlainne Gaeil Fhánada: Scéalta na leathinse

Roghnaigh Áine Ní Bhreisleáin cuid de na míreanna a taifeadadh ó na 1970í ar aghaidh go 2014 ó chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta i nDoirí Beaga, ó chainteoirí éagsula lonnaithe ó Ghleann Bhairr go Cionn Fhánada.

Tá cur síos ar Choláiste Gaeilge Loch Súilí, a bhí lonnaithe i gceantar iargúlta Ghleann Bhairr ó Phádraig Ó hAodha agus Vera Mhic Giolla Chionnaith a theagasc ann gur druideadh í i 1984.

Áine Ní Bhreisleáin

Tá scéalta seanchais fá Theitheadh na nIarlaí as Ráth Maoláin, taoisigh na leathinise agus ceangal Wolfe Tone le Loch Súilí á n-aithris ag Proinsias Ó Gallchóir , cuimhní cinn iascaireachta ó Dan Ó Frighil as an Rinn Bhuí agus ceist na Gaeilge ar fud Fhánada á spíonadh ag Caitlín Uí Mháirtín, iar phríomhoide bunscoile.