Labhair Alan Titley agus Cathal Goan faoin méid a dúirt siad ag Comhchoiste na Gaeilge inniu faoi fhoilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge a chur chun cinn in irisí agus nuachtáin na tíre ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Luaigh Alan Titley cé go bhfuil daoine fós ag léamh leabhar, go bhfuil sé den tuairim go bhfuil an nós imithe i léig agus gur gá aghaidh a thabhairt air sin. Dúirt sé go bhfuil an curaclam scoile anois ag iarraidh ar dhaoine óga sleachta ó leabhair a léamh seachas leabhar san iomlán a léamh agus gur céim siar é sin.

Ag caint ar staid na meán clóite i nGaeilge, dúirt Cathal Goan cé go bhfuil líon beag daoine ag ceannach agus ag léamh na n-irisí Gaeilge, bheadh sé i gcoibhneas leis an nós atá ann sa Bhéarla freisin. Cé go bhfuil an t-idirlíon i ndiaidh spás faoi leith a aimsiú don Ghaeilge, tá daoine ann, arbh fhearr leo iris nó nuachtán clóite a bheith idir an dá lámh acu, a deir Goan.

Ag caint ar na dúshláin atá roimh údair Ghaeilge, luaigh Titley go bhfuil baint mhór ag an bpoiblíocht éifeachtach a dhéantar do leabhair Bhéarla agus gur éirigh go maith lena aistriúchán féin ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain, Cré na Cille mar gheall ar fheachtas poiblíochta, rud nach dtarlaíonn le leabhair Ghaeilge.

Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6.