Labhair Mícheál Ó Sé ar an gclár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin mbac a bheidh ann feasta móin a dhíol ón gcéad lá de mhí Mheán Fómhair.

Dár ndóigh, tagann an cinneadh seo ón éigeandáil maidir le hathrú aeráide. Cé go bhfuil bac ar dhaoine móin a dhíol ach níl bac ar dhaoine a gcuid móna a bhaint dóibh féin, i láthair na huaire. Deir Mícheál go bhfuil roinnt daoine fós ag díol móna timpeall ar Uíbh Ráthach.

Portach in Éirinn

Cé nach gcuirfidh an bac nua seo isteach nó amach ar Mhícheál féin mar nach mbíonn sé ag díol móna, deir sé go bhfuil an chosúlacht air go bhfuil níos mó agus níos mó de shaol na tuaithe á ídiú agus daoine á chur i dtreo shaol na cathrach leis na rialacha nua seo atá ag teacht i bhfeidhm.

Má tá spéis agat sa phortach agus na bláthanna fiáine a fhásann air, gach seans go mbeidh spéis agat sa chlár Faoi Bhláth atá ar siúl gach Luan ar RTÉ ONE ag 8pm nó aon am ar an RTÉ Player.

Aedín Thiarnaigh, láithreoir Faoi Bhláth

Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00