Labhair Rossa Ó Snodaigh ar an gclár An Cúinne Dána ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar an leabhar nua atá scríofa aige do pháistí, dár teideal, Cad a chuirfeadh Sceon ar Leon? agus guthú déanta ag Dara Ó Briain air.

Dúirt Rossa go raibh sé tógtha leis an rím idir sceon agus leon agus gur sin a spreag é le tabhairt faoin leabhar. Dúirt Rossa go raibh sé ar scoil le Dara Ó Briain agus go raibh go leor tairiscintí éagsúla tugtha ag do Dhara a bhain leis an nGaeilge agus gur léirigh sé spéis sa tionscnamh áirithe seo.

Údar é Ó Briain ar leabhair do pháistí freisin, leabhair eolaíochta atá scríofa aige go dtí seo. Dúirt Rossa go raibh 'fhios aige go raibh aisteoireacht déanta ag Ó Briain sa Chumann Drámaíochta ar an Ollscoil agus dá réir, go mbeadh sé in ann ag an ról.

Sceon ar Leon

Is féidir cóip den leabhar nua seo a fháil sa Siopa Leabhar anseo

Éist leis An Cúinne Dána ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an Satharn ag 10.30am.