In this episode of the new series, Faoi Bhláth, Aedín Ní Thiarnaigh looks to the heavens and investigates the highest habitats in Ireland - our mountains.

Sa chlár seo tugtar aghaidh chun na spéire agus iniúchadh á dhéanamh ag Aedín Ní Thiarnaigh ar an ghnáthóg is airde in Éirinn - na sléibthe. Is creagach, crua an tírdhreach é a chuireann go leor dúshláin roimh na bláthanna fiáine a gcuireann futhú anseo ach tá radharc draíochtúil acu leis.

Ní foláir do bhláth a bheith láidir lena shaol a chaitheamh ar na sléibhte agus díríonn Aedín isteach ar chuid de na bláthanna fiáine a n-éiríonn leo an lámh in uachtar a fháil ar dheachrachtaí na sléibthe; an Fhraoch Corcra, an Ceannbhán bhán, an Néalfartach Buí agus an t-Aiteann Gallda.

Rachaidh sí sa tóir ar eolas faoi úsáid na mbláthanna seo fadó agus faoi na húsáidí gur féidir a bhaint astu sa lá atá inniu ann. Téann sí chomh fada le Dúiche Sheoigheach chun buaileadh leis an gceardaí Joe Hogan ar dtús, a chruthaíonn ealaíon agus uirlisí leis an bhfraoch fiáin a fhásann ar leac a dhorais.

Aedín i mbun oibre

Ansin ó dheas go Ciarraí léi chun castáil le hÚna Ní Shé, ealaíontóir a bhaineann leas as dath nádúrtha na bláthanna chun an iliomad rudaí aoibhne a chruthú ina stuideo i gCorca Dhuibhne; ó scairfeanna síoda go 'Rudaí Boga Beaga', potaí feilte daite le plandaí fiáine.

In this episode Aedín Ní Thiarnaigh looks to the heavens and investigates the highest habitats in Ireland - our mountains. The rocky, rugged landscape presents many challenges to the wildflowers that make it their home, though it also offers a breathtaking view.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


A flower needs to be tough to spend life in the mountains and Aedín takes a look at some of the wildflowers which have conquered this habitat’s challenges; Purple Heather, Cotton Grass, Tormentil and Furze.

She searches for information about the uses of these flowers in the past and about modern uses of the flowers today. Her search brings her as far as the wilds of Joyce Country, where she meets craftsman Joe Hogan who weaves magic with the wild heather that grows on his doorstep.

Next to County Kerry where Aedín meets with artist Úna Ní Shé. Úna makes dye from natural pigments in wildflowers which she uses to colour a wide variety of creations in her studio on the Dingle Peninsula; from silk scarves to ‘Rudaí Boga Beaga’ (Little Soft Things), felt pots dyed with wild plants.

Faoi Bhláth, Anocht, Monday, at 7.30 on RTÉ ONE nó aon am ar an RTÉ Player