Ag tosú amárach, 11 Feabhra ar seinnteoir TG4

Is sraith cheoil nua 12 clár í CUMASC: Seisiúin sa Black Gate ina ndéantar cumasc idir píosaí scannánaíochta áille, míreanna faisnéise breathnaitheach agus agallaimh phearsanta.

Tugtar ardán sa tsraith do thaibhithe a taifeadadh beo ag Ionad Cultúir The Black Gate i gceartlár Chathair na Gaillimhe, agus déanfar píosaí scannánaíochta ar a dtarlaíonn sa chúlra chomh maith le hagallamh a scannánú in áiteanna suntasacha ar fud na cathrach agus i gceantair taobh amuigh den chathair.

Colm Mac an Iomaire

Beidh Rhiannon Giddens, Róisín Elafty, Francesco Turrisi, Daithí, Suzanne Savage, Rachael Lavelle, Peter Broderick, Seamus Begley, Junior Brother, Seamie O'Dowd, Daoirí Farrell, Anna Mullarkey, David Kitt, Colm Mac Con Iomaire, Arborist, John Blek, Inni-K, Jinx Lennon, agus The Mary Wallopers, Sam Amidon, John Conneely, Síomha, Liam Ó Maonlaí, Niwel Tsumbu, agus Eamonn Cagney páirteach sa tsraith.