Labhair an craoltóir Gráinne Seoige ar Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina taithí ar an gclár Dancing With The Stars atá ar RTÉ One i láthair na huaire.
Mhínigh Gráinne gur ghortaigh sí a cos sula ndeachaigh sí amach ar an úrlar rince agus go raibh sí buartha go gcuirfí abhaile í. Bhí na moltóirí dian go maith a shíl sí ach tháinig na daoine a bhí sa bhaile i gcabhair uirthi agus d'éirigh léi dul tríd go dtí an chéad seachtain.
Cé gurbh fhearr don chos go mbeadh sí in ann luí siar, deir Gráinne nach bhfuil an t-am aici a leithéid a dhéanamh agus go bhfuil ag éirí léi an cleachtadh a dhéanamh.
Caitheann Gráinne idir 5 agus 7 uair a chloig in aghaidh an lae ag cleachtadh don chlár agus cé go bhfuil sin dian ar a corp, deir sí go n-airíonn sí go bhfuil sí ag éirí níos aclaí.
"It takes an awful lot of control, power and it's a lot more physical than you think it is."@grainne_seoige on the upcoming series of @dwtsirl 🤩#LateLate | #DWTSIrl pic.twitter.com/V5GadyAGzB
— RTÉ One (@RTEOne) December 10, 2021
Tá cultúr an rince imithe go mór i bhfeidhm ar Ghráinne go mbíonn sí ag cleachtadh na gcéimeanna i ngan fhios di féin 'fad agus atá sí ag déanamh cupán tae sa bhaile.
Éist le Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine ag a 9.15am