Is iad na sárcheoltóirí Peadar Ó Riada agus Mick O'Brien a bheas i gcuideachta Liam Uí Mhaonlaí d’eagrán na seachtaine seo de Chuan an Cheoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Is as Cúil Aodha i gCorcaigh do Pheadar, cumadóir, ceoltóir, stiúrthóir cóir agus craoltóir, agus spéis aige in iliomad réimsí eile taobh amuigh de sin freisin. Is píobaire é Mick O’Brien as Baile Átha Cliath a bhfuil tóir air mar cheoltóir agus mar mhúinteoir i bhfad is i gcéin. Beidh siad ag casadh ceoil agus ag comhrá le Liam Ó Maonlaí ar an gclár inniu. Seo léiriú de chuid Stiúideo Cuan.

Mick O' Brien, Peadar Ó Riada agus Liam Ó Maonlaí

Today, Liam Ó Maonlaí will be joined by two gifted and talented musicians, Peadar Ó Riada and Mick O’Brien. Peadar is from Cúil Aodha in the Cork Gaeltacht, and is a composer, musician, choir director and broadcaster, as well as having a lot of other interests outside of music too! Dubliner Mick O’Brien is a highly regarded performer and teacher of the uilleann pipes. They will both be playing and chatting with Liam Ó Maonlaí on the programme this evening. This series is produced by Stiúideo Cuan.

Éist le Cuan an Cheoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin ar a 7pm