Labhair Patricia Dawson agus beirt dalta dá cuid ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair ar an gclár Barrscéalta ar na traidisiún a bhaineann le Oíche agus Lá Fhéile Bríde agus ar na nósanna áitiúla a bhaineann leis an fhéile.

Mhínigh an múinteoir go raibh an scoil ag iarraidh na seantraidisiúin a thabhairt ar ais agus go raibh Bríd Ní Icí tugtha isteach leis na daltaí a thraenáil leis an crosóga Bhríde a dhéanamh. Fuair siad na feadhacha go háitiúil agus bhí lá gnóthach acu inné á ndéanamh ach go raibh sult le baint as an traidisiún freisin.

An ceoltóir Caitlín Nic Gabhann ag labhairt ar an gceol nua a chum sí in ómós do Naomh Bríd

Dúirt Cian go bhfuil sé deacair tosú ar na crosanna a dhéanamh, cé go raibh taithí aige ar an obair agus go bhfuil meas mór aige ar an traidisiún, is dúshlán é gach bliain.

Labhair Aoife faoin tábhacht a bhaineann leis an traidisiún seo a choinneáil beo don chéad ghlúin eile agus go bhfuil sult le baint as ceird dá leithéid freisin.

Éist le Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 11am agus meánlae