In agallamh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Luain, dúirt Breandán Ó Beirn, Príomfheidhmeannach Chumann Próiseálaithe agus Easpórtálaithe Éisc na hÉireann, go raibh litir curtha acu chuig an rialtas ar maidin ag moladh go mbeadh bac iomlán ar chleachtaí míleata i bhfarraigí na hÉireann i bhfoisceacht dhá chéad míle den chósta ar feadh deich mbliana.

Tagann sé seo sna sála ar chinneadh na Rúisigh na cleachtaí míleata atá beartaithe acu amach ó chósta iardheisceart na tíre a bhogadh go farraigí taobh amuigh de limistéar eacnamaíochta na hÉireann, agus ar thuairiscí ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo caite go bhfeictear longa i mbun cleachtaí míleata go rialta amach ó chósta Dhún na nGall.

"Tá litir anois curtha chuig an rialtas ar maidin, agus an moladh atá againn bac iomlán a chur fá choinne deich mbliana ar chleachtaí míleata ó thír ar bith taobh istigh d'fharraigí na hÉireann, sin an moladh atá muid ag cur ar maidin."

Dúirt sé go bhfuil an chumhacht ag rialtas na hÉireann a leithéid a dhéanamh faoi reachtaíocht a tugadh isteach sa bhliain 1982.

"Níl muid ábalta bac iomlán fadtéarmach a chur isteach, táimid ábalta moratorium a chur air.Tá an chumhacht ag rialtas na hÉireann faoi dhlí 1982, tá an chumhacht sin ag an rialtas.Ní raibh sin déanta roimhe ach tá muid anois ag moladh gur cheart é sin a dhéanamh."

Ba iad Breandán Ó Beirn agus Patrick Murphy a chuaigh i mbun idirbheartaíochta le hAmbasadóir na Rúise faoi na cleachtaí míleata atá beartaithe ag an tír sin a dhéanamh an tseachtain seo.Cuireadh ceist air san agallamh ar maidin faoin tacaíocht a fuair siad ina thaobh seo ón Roinn Gnóthaí Eachtracha, ach dúradh nach bhfuair siad tacaíocht dá laghad maidir leis an scéal.

"Caithfidh mé a bheith soiléir faoi seo.Ní bhfuair muid scéal ar bith – mé féin nó Patrick Murphy - ón Roinn Gnóthaí Eachtracha, ní raibh teagmháil ar bith linne... Níl mé ábalta an cheist sin a fhreagairt mar nach raibh teagmháil nó tacaíocht ar bith ag teacht uathu."

Bhí Breandán Ó Beirn faoi agallamh ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Luain.