Beidh an clár á chraoladh as Cultúrlann Uí Chanáin i nDoire inniu agus iad ag comóradh caoga bliain Dhomhnach na Fola a tharla ar 30 Eanáir 1972.

Ar chlár an lae inniu, tabharfar an lá féin agus a oidhreacht chun cuimhne, agus beidh plé freisin ar an bpolaitíocht chomhaimseartha sa chathair. Ar an bpainéal inniu beidh Tony Doherty ó Iontaobhas Dhomhnach na Fola ar maraíodh a athair an lá sin; Gearóid Ó hEadhra, iar-Ardmhéara Dhoire a bhí i láthair ar an lá sin i 1972; Donncha MacNiallais, ball de Choimisiún Bratacha agus Suaitheantais Thuaisceart Éireann; agus Mary Delargy a bhí ina déagóir ag an am agus a bhfuil cuimhne aici ar an tréimhse sin.Is í Máirín Ní Ghadhra a chuirfidh an clár i láthair.

Máirín Ní Ghadhra

Today, the programme will be broadcast live from Cultúrlann Uí Chanáin in Derry to commemorate fifty years since Bloody Sunday on 30 January 1972.The panellists will reflect on that day and its legacy, as well as discussing contemporary politics in the city.Panellists will include Tony Doherty from the Bloody Sunday Trust whose father was killed that day; Gearóid Ó hEadhra, former Mayor of Derry who was present at the events of Bloody Sunday; Donncha Mac Niallais, a member of the Commission on Flags, Identity, Culture and Tradition; and Mary Delargy, who was a teenager at the time of Bloody Sunday and remembers the terrible events of that day. Máirín Ní Ghadhra presents.

RTÉ Raidió na Gaeltachta, Dé Domhnaigh 30 Eanáir / Sun 30 Jan 10 am